Tigh Pheadair Mhóir ar an mBánrainn
Gearóid Ó Murchú
(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Irisí an Phléaráca, 1996 agus 2014. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)
"Ach cá bhfuil Tigh Pheadair Mhóir mar sin?" - ceist a chuirtear go minic orm nuair a luaitear na hoícheantaí áirneáin a bhíonn ar siúl i gcaitheamh na bliana sa teach ósta ceann tuí sin ar an mBánrainn. "Siar díreach ó chrosbhothair na Tulaí agus feicfidh sibh teach ceann tuí ar thaobh na láimhe deise". "Ach nach shin Tigh Pheadair Dick?"
'Tigh Pheadair Mhóir', ''Tigh Pheadair Dick', nó 'Teach Ósta Uí Chualáin' mar atá scríofa ar fhógra ag an gcrosbhóthar is cuma céard a ghlaonn tú air is é an teach breá céanna é, ceann de na tithe ósta is tarraingtí i gConamara nó in Éirinn fiú.
Tá sé ráite gur tógadh an teach den chéad uair ós cionn dhá chéad bliain ó shin. Ceaptar gur cuireadh píosa soir as uair éicínt ag deireadh an chéid seo caite. Seans gur tharla sé seo nuair a tháinig Bríd Ní Fhátharta, Bideach Mharcuis agus a fear céile Ned Cotter (athair Johnny Cotter) abhaile as Meiriceá nó gur cheannaigh siad an teach ar phraghas an-íseal, punt tobac nó rud eicínt suarach mar sin.
Maidí coille atá a díon thiar ach adhmad gearrtha atá sa gceann thoir, rud a thabharfadh le fios gur ag am níos deireannaí a tógadh an chuid thoir. Tá an t-adhmad céanna sin fós i ndíon an lae inniú. Ceaptar gur b'iad Ned Cotter agus Bideach Mharcuis a fuair an chéad ceadúnas ó Bhanríon Shasana chun pórtar a dhíol ann, ach seans gur síbín a bhí ann roimhe sin.
Ag an am sin thugtaí an pórtar amach as Gaillimh i gcarr capaill. D'fhágtaí an teach ag meánoíche le bheith i nGaillimh an chéad rud ar maidin agus arís don tráthnóna. Ar ndóigh is iomaí duine a bhíodh ag siúl go Gaillimh an tráth sin; ag tosnú amach i lár na hoíche lena gcuid earraí a dhíol ar an margadh ar maidin.
Thart ar 1920 nó roimhe sin fuair Sarah Feeney seilbh ar an teach. Bhí Sarah pósta ar dhuine de mhuintir Chotter agus nuair a bhásaigh seisean ba léi féin an teach. Phós sí arís ansin, an tráth seo Pádraig Ó Domhnaill as Cnoc an Asail, Maigh Cuilinn. Nuair a bhásaigh Sarah Feeney í fhéin chuaigh Máiréad Ní Dhomhnaill, a raibh fear Sarah ina uncail aici siar ag tabhairt aire dó siúd.
Tigh Pheadair Dick
Sa mbliain 1947 phós Mairéad Ní Dhomhnaill, Peadar Tom Rua ó Cualáin as Leitir Calaidh. Bhí Peadar ag obair ag an am mar bhainisteoir ag Dick Ó Thuathail, fear a raibh sraith mór siopaí sa gceantar aige. Is as seo a d'eascair an t-ainm Peadar Dick.
Is díol suntais go dtí an lá atá inniu ann fógra ornáideach sa tsean scríbhinn Ghaelach atá crochta ar an mballa taobh amuigh.
"Mairéad Ní Chualáin, ceadúnas seacht lá. Ceadúnaithe chun beoir, fíon agus biotáille a dhíol, air nó as na háitreabh. Ceadúnas chun tobac a dhíol."
Ar ndóigh ba í Mairéad Ní Chualáin, bean Pheadair Dick agus máthair Thomáis Uí Chualáin atá anois ina fhear a 'tí.
Fearacht chuile theach eile den tsórt ag an am, ní teach ósta amháin a bhí ann. Bhíodh chuile shórt á dhíol ann. "Earraí grósaeireachta, beatha beithíoch, spealta, iasc, feoil, cuinneogaí, rópaí, creannta speile, plúr, chuile shórt beo," agus is dóigh go raibh neart taithí ag Peadar Mór ar dheileáil leis an taobh sin den ghnó agus é ag obair le Dick Tuathail.
Céard as a dtáinig an t-ainm "Peadar Mór", mar a thugann muintir na Bánrainne air, mar ní fear mór ard a bhí ann, ach fear é a bhí in ann caint mhór a dhéanamh, go speisialta le stráinséirí agus bhí neart scéalta móra aige. Is dócha gur mar gheall air seo a baisteadh Peadar Mór air. Cailleadh Peadar é féin thart ar dheich mbliana ó shin, beannacht Dé lena anam.
Lá an Phátrúin
An lá is mó sa mbliain a bhíodh ag Tigh Pheadair Dick ná lá an Phátrúin, 9ú Meitheamh, Lá Thobar Cholm Cille. Bhíodh daoine ag teacht ó chéin is ó chongar ann. Thagadh daoine aniar as na hoileáin. le báid, le turas an tobair a dhéanamh.
Thagadh daoine de shiúl na gcos aniar as Carna, Ros Muc, Leitir Mealláin agus chuile áit eile i gConamara. D'fhágaidís sin an oíche roimhe. D'fhanaidís sa teach ósta ina gcodladh sa lochta ar mhálaí bran, sin dá gcodlaídís ar chor ar bith.
Bhíodh sluaite móra ann. Agus bhíodh neart pórtair á ól. Tá sé ráite gur tháinig soitheach amach as Gaillimh bliain amháin agus í líonta le barrillí pórtair, go speisialta don ócáid. Is minic a bhíodh achrann ann freisin agus réabadh, mar go leor de na daoine a bhíodh ann ní chasaidís le chéile ach uair sa mbliain, ar an lá seo.
Bhíodh an pub féin dúnta lá an Phátrúin agus boird agus cuntair taobh amuigh ar an tsráid le freastal ar an slua.
Nuair a bhí an Pátrún i mbarr a réime, bhíodh cábáin ann ag díol chuile shórt earraí, díreach ar nós aonach an Tí Dhóite. Bhíodh "fir roll the penny" ann agus "fir Pitch and Toss" chomh maith le roth roulette agus ar ndóigh "fear an 3 card trick." Sa seanam bhíodh cábán óil ag an bPátrún freisin.
An Ré Nua
Sa mbliain 1989 chuir úinéara an lae inniu, Tommy Pheadair Mhóir, athchóiriú iomlán ar an teach ósta. Sé Gerry Joyce a rinne an leagan amach. Chuir sé an brat nua giolcach ar an díon i 1982. I mbliana tógadh póirse nua mar chosaint bhreise ar an aimsir agus cuireadh brat giolcach air sin chomh maith.
Bíonn an-tarraingt ag stráinséirí anois ar an áit agus iad ag dul thar bráid. Tógtar go leor pictiúirí den teach agus de na daoine a ólann ann. Chuir sé an-íontas orm féin agus mé ar saoire i ndeisceart na Fraince go bhfaca mé pictiúr breá de Chóil Tom Ó Conghaile ón gCaorán ar chlúdach "Irlande" iris Bhord Fáilte sa bhFrainc. Is cosúil gur ghlac duine de mhuintir na Fraince an pictiúr seo de Chóil Tom ag seasamh ag doras Tigh Pheadair Mhóir agus gur foilsíodh é i ngan fhios dó, ach sin scéal eile. Is pictiúr breá é agus tá sé crochta i measc grianghrafanna eile sa teach ósta.
Scéal spéisiúil eile faoi ghrianghrafanna ná an ceann seo a d'inis Peadar Ó Cualáin, Peter Pheadair Mhóir dom. Is cosúil go mbíodh go leor pictiúr á nglacadh den áit nuair a bhí Peadar Mór é féin beo agus i gcónaí d'iarradh sé go gcuirfí cóip den phictiúr chuige. Ghlac fear áirithe pictiúr dhó sa bpub lá agus is cosúil nuair a d'fhill an fear seo abhaile, pé ar bith áit sa domhan raibh sé, go raibh ainm, agus seoladh Pheadair caillte aige. Ach níor sháraigh sé sin mo dhuine. Tamall i na dhiaidh sin tháinig litir sa bpost agus an pictiúir istigh ann. San áit a raibh éadan Pheadair ar an bpictúr bhí poll déanta sa gclúdach litreach agus é féin ag breathnú amach as. Sén seoladh a bhí ar an gclúdach ná "This man. Thatched Cottage. Connemara." Rinne an litir roinnt mhaith siúil ach gan mórán achair d'aithnigh Seán Tuohy in Oifig an Phoist, Indreabhán an t-éadan a bhí ag breathnú air.
Oícheanta Áirneáin
Na laethanta seo tá cáil Tigh Pheadair Mhóir ag scaipeadh ar bhealach nua mar ionad ceoil agus amhránaíochta. Is iomaí seisiún breá amhránaíochta agus seanchais a bhí ann le tamall de bhlianta. Eagraítear oícheanta beaga áirneáin go rialta os comhair tine bhreá mhóna sa ngeimhreadh. Ach an ócáid is mó ar fad anois ná an Oíche Mhór Áirneán le linn Phléaráca Chonamara. Bíonn an áit ag cur thar maoil. Cloistear cuid den scéalaíocht, den sean-nós agus den seanchas is fearr dá bhfuil ann an oíche sin.
Ach táid ann a déarfadh go gcloisfeá a mhacasamhail lá ar bith Tigh Pheadair Mhóir.