Tionscadail Chartlainne
Biseach
Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige
Rinneadh digitiú agus coimeádaíocht ar na hirisí go léir a d’fhoilsigh Cumann Forbartha Chois Fharraige ó 1968 ar aghaidh. Tá an t-ábhar go léir curtha i láthair i mbealaí éagsúla sa taispeántas seo. Tá gach leagan leictreonach de gach iris curtha ar amlíne ó 1968 go 2019. Tá na hirisí leagtha amach ionas gur féidir na hailt éagsúla iontu a chuardach agus a ionramháil. Tugtar léargas freisin ar scaipeadh tíreolaíoch an ábhair. Rinneadh na hailt siúd ina bhfuil tagairtí tíreolaíochta a bhaineann le ceantar Chois Fharraige iontu – logainmneacha, bailte agus paróistí, agus an stair áitiúil – a leabú ar léarscáil de cheantar Chois Fharraige.
Glórtha na Réabhlóide
Míreanna Fuaime ó Chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tá saibhreas staire, sóisialta agus cultúir cruinnithe i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta. Mar chuid de chlár comórtha Éirí Amach 1916, rinneadh scagadh ar mhíreanna fuaime ón gcartlann ina bpléitear eachtraí móra na tréimhse 1913-1923 agus cuireadh i láthair phobal na Gaeilge arís iad. Tá cláir faisnéise, agallaimh agus léachtaí sna míreanna seo.
Cartlann Sheáin Mhic Giollarnáth
Lámhscríbhinní faoi bhéaloideas, dúlra agus teanga in Iorrus Aithneach sna 30aí
Chuir an béaloideasóir agus scríbhneoir, Seán Mac Giollarnáth, 47 lámhscríbhinn le chéile nuair a bhí sé ina bhreitheamh i gConamara sna blianta 1925-1950. Tá an taisce luachmhar seo in Ionad an Acadaimh, Carna, agus tá leaganacha scanta díobh, chomh maith le hábhar digiteach eile faoi shaol agus faoi shaothar Mhic Giollarnáth, ar an suíomh seo.
Cartlann an Phléaráca
Irisleabhair, grianghraif, comhfhreagras agus ábhar méain ó Phléaráca Teo.
Cruinníodh ualach mór d’ábhar cartlainne le linn na 24 bliain a reáchtáladh Féile an Phléaráca. Bronnadh an Chartlann seo ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2016 agus tá sé anois faoi chúram Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, in Ionad an Acadaimh i Roisín an Mainiach, Carna. Tá os cionn 40 bosca d’ábhar luachmhar agus ilchineálach sa gcartlann. Tá cuid den ábhar seo digitithe anois agus fáil ag an bpobal air ag www.plearaca.ie.