Eagarfhocal 1997: Aire na Gaeltachta Gan Ghaeilge/Ní Neart go Cur le Chéile
Coiste Eagarthóireachta an Phléaráca
(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1997. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)
Aire na Gaeltachta gan Gaeilge
Is mór an masla don Ghaeltacht go bhfuil Aire Gaeltachta roghnaithe ag Bertie Ahern nach bhfuil a dóthain Gaeilge aici le déileáil le pobail na Gaeltachta ná le pobal labhartha na Gaeilge, trí mheán na Gaeilge. Ní raibh gíog ná míog as na heagraíochtaí Gaeilge, mar is gnáth, faoin masla seo – an masla is mó a thug aon rialtas ó bunaíodh an stát do lucht labhartha na Gaeilge.
Gheall Fianna Fáil sa Mhanifesto Ollthoghcháin mar seo leanas: Go gcuirfear Oifig nua Stáit ar bun - Oifig Ombudsman na Gaeilge - chun go mbeadh an ceart dlíthiúil agus an deis laethúil ag pobal na Gaeilge a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Stát, leis na húdaráis áitiúla agus le fondúireachtaí poiblí.
Níl ciall ar bith leis an ngeallúint seo mura bhfuil an tAire a bheas freagrach as é a chur i bhfeidhm ná a hoifig in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis na hinstitiúdaí Gaeilge agus Gaeltachta atá faoina cúram. An bhféadfadh sé tarlú gur faoi Oifig an Aire, is mó a bheadh gearáin dhá ndéanamh le Ombudsman na Gaeilge?
Cheap an Rialtas deireannach bean óg ó Ghaillimh gan Ghaeilge ar Bhord na Gaeilge anuraidh. Bhí sé de ghrásta ag an mbean óg éirí as láithreach tar éis cruinniú amháin. Ba chóir do Shíle De Valera sampla na mná sin a leanacht agus éirí as a hAireacht. É sin nó ba chóir do Bhertie Ahern Aireacht eile a thabhairt di, nach dteastaíonn Gaeilge lena comhlíonadh. Níl sí in ann an jab, atá tugtha di, a dhéanamh gan Ghaeilge. Ní féidir glacadh leis an leithscéal "níl an Ghaeilge chomh maith aici is ar mhaith leí í a bheith".
Tá neart daoine éirimiúla fuinniúla le togha na Gaeilge i measc Teachtaí Dála Fhianna Fáil, as a bhféadfaí Aire Ealaíon, Oidhreacht, Gaeltacht agus Oileán a roghnú. An fhad is atá Aire gan Ghaeilge sa phost, ní féidir bheith dóchasach go bhfuil Bertie Ahern ná Fianna Fáil dáiríre faoi Chearta Teanga, in ainneoin an méid a deir Éamonn Ó Cuív in agallamh san eagrán seo.
Ní Neart go Cur le Chéile
Is minic caint faoin méid eagraíocht Gaeilge atá ann, go leor daoine fostaithe acu, gan mórán toradh ar a gcuid oibre. Go deimhin is deacair smaoineamh ar aon rud mór a bhain na heagraíochtaí céanna amach le scór bliain. Grúpa beag éifeachtach a d'oibrigh go díograiseach taobh amuigh de na heagraíochtaí Gaeilge a chuir faoin deara don rialtais TnaG a chur ar an aer. Cearta Sibhialta na Gaeltachta i gConamara ba chúis le bunú Raidió na Gaeltachta.
Ach ní faoi mí-éifeacht na neagraíochtaí Gaeilge atá an t-eagarfhocal seo ach faoi na heagraíochtaí forbartha agus na heagraíochtaí pobail atá ag obair "ar son na Gaeltachta" agus "le pobal na Gaeltachta a chur chun cinn" anseo i gConamara. Tá siad ann agus go leor acu agus is maith ann iad.
Tá na Comharchumainn ann le fada agus is éasca a thuiscint céard tá ar bun acu. Tá siad bunaithe ar an bpobal i ngach cás le coiste bainistíochta tofa óna baill. Tá baint acu leis an bpobal a mbíonn siad ag deileál leis chuile lá.
Ach céard faoi Pléaráca, Meitheal Forbartha na Gaeltachta, Cumas agus Muintearas. Go minic ní bhíonn a fhios ag an bpobal céard tá ar siúl acu. Níl aon pháirtíocht réadúil ag an bpobal iontu. Tá suas le tríocha duine fostaithe lánaimsearach ag na heagraíochtaí seo agus iad ag obair go crua agus go díograiseach. Tá computers acu, innill fótócópála, agus treallamh den scoth acu. Ach an bhfuil mórán i ndáiríre dhá bhaint amach acu? An bhfuil na fadhbanna atá ag cur bac ar fhorbairt Chonamara dhá réiteach? Nó an bhfuil siad ag mún in aghaidh na gaoithe leis an airgead stáit agus an t-airgead Eorpach atá curtha ar fáil dóibh.
Sé bun agus barr an scéil go bhfuil an ceantar siar ó Chasla ag cailliúnt daonra, ag cailliúnt seirbhísí agus ag cailliúnt dóchais i gcónaí. Níl aon fheabhas suntasach tagaithe ar Ros Muc, Camus, na hOileáin, Cill Chiaráin de bharr obair na neagraíochtaí forbartha seo.
An mbainfí níos mó amach dá mbeadh comhoibriú agus comhthuiscint níos fearr eatarthu? Is minic iad ag trasnaíl a chéile, amhail is go raibh said i gcoimhlint le chéile. Is annamh a roinntear eolas ar a chéile. Nach bhfuil sé thar am fóram a bhunú ag a bhféadfaí cur le chéile ar son Gaeltacht Chonamara Theas le guth aontaithe amháin faoi droch sheirbhísí atá sa gceantar; faoin bealach a gcaitear le seandaoine; faoin easpa córais taistil; faoin mbealach a bhfuil RnG ag athrú i dtreo raidió náisiúnta na Gaeilge; faoi neamart TnaG ó thaobh clúdach a dhéanamh ar imeachtaí pobail sa Ghaeltacht; faoi cheist mhór na Gaeilge; faoi na ceantracha speisialta caomhnaithe; faoi éagothromaíocht fostaíochta agus infheistíochta sa Ghaeltacht agus faoin iliomad fadhb eile nach bhfuil aon dream ag labhairt amach fúthu.
Dá mbeadh chomhthuiscint aontaithe ag na heagraíochtaí forbartha agus ag na coistí pobail; dá mbeadh comhoibriú níos fearr eatarthu, d'fhéadfadh glór láidir a bheith ag an nGaeltacht seo, a gcaithfí éisteacht leis.