Lionard Mac Craith: Imreoir Ildánach na Gaillimhe

Séamas Ó Cualáin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1997. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

“Ní thig leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal", a deirtear. Ach chomh fada is a bhaineann sé le riar de bháireoirí Chumann Lúthchleas Gael is féidir leo teacht taobh na gaoithe ar an seanfhocal sin. Séard tá i gceist agam na himreoirí ildánacha inniúla atá chomh hábalta aclaí oilte ag luascadh an chamáin agus atá iad ag bualadh peile. Agus faoi mar is eol do Fheara Fáil is fada buí óna chéile an dá chluiche seo.

Ó bunaíodh C.L.G. sa bhliain 1884, níl ach cúig bháireoir déag den bhuíon thréithiúil úd ar éirigh leo Craobh na hÉireann a bhuachan i bpeil is in iománaíocht agus is dearfa go bhfuil ionad iomráiteach buan bainte amach acu in annála na heagraíochta. I measc na bhféinnithe ildánacha a thuill an mhír mhullaigh bhí Lionard Mac Craith as Gaillimh.

https://www.cartlann.ie/files/original/56b7dfee5e094b0336b9e918c4c4d086.jpg

(Ar chúl ó chlé): An tAth. Hughes, Lionaird Mac Craith, Frank Benson, Sonny Burke, Mick Brennan, Bartley Murray, Paddy Gantley, John Egan, Gllbey Jennings, Jack Deeley, Larry Raftery, Jack Fry, Tom McGrath, Jackie Brennan. (Sa lár) Mick Bannerton, Mick Donnellan, Tom Leetch, Tom Molloy, Frank Walsh, Willie Smith, Dennis Egan. (Chun tosaigh) Harry Burke, Mick Walsh, Paddy Rocke.

San Astráil a saolaíodh Lionard ach tháinig a thuismitheoiri as Ceapach an tSeagail, tuairim leath bealaigh idir Baile Átha an Rí is Béal Átha na Sluaighe. D'fhill siad abhaile ar a gceantar dúchais nuair a bhí Lionard óg agus ba anseo a d'fhorbraigh sé a chumas peile is iománaíochta.

Fear breá teann téagrach a bhí i Lionard - é ag bordáil ar shé throigh ar airde agus é déanta á réir. Ba mhór aige de shíor an greann agus ba bheag air an doicheall. Ní fhéadfaí aon suarachas a chur ina leith aon tráth, fiú nuair ba thréine an gleo ar pháirc na coimhlinte.

Bhí sé ar fhoireann chaithréimeach na Gaillimhe a ghnóthaigh Craobh Iománaíochta na hÉireann i 1923 agus dhá bhliain ina dhiaidh sin i 1925 bhuaigh sé Craobh na Peile. Is fiú a mheabhrú go ndearna sé an imirt mar lántosaí ar dheis sa Chluiche Ceannais lománaíochta an lá éachtach úd - 14 Meán Fómhair, 1924 - in éadan scoth fear Luimnigh agus gur aimsigh sé ceithre chúl thráthúla - dhá cheann i ngach leath. Nuair a séideadh an fheadóg scoir bhí Gaillimh chun cinn le farasbarr de sheacht gcúilín, 7-3 i gcoinne 4-5, agus bhí turas cathbhuach thar Sionainn siar i ndán dóibh.

Maidir leis an mbliain 1925 bhí cúrsaí peile trína chéile. Thaistil an Cabhán, gaiscígh Uladh, go Trá Lí áit ar chlis siad le cúilín amháin (1-7 v. 2-3) in aghaidh Cbiarraí, curaidh na Mumhan, i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Ach de bharr agóide agus frithagóide i dtaobh imreoirí aindleathacha caitheadh an dá fhoireann amach as craobhchomórtas na bliana sin.

I ngeall ar a raibh de chluichí athimeartha i gCúige an Iarthair - sé cinn idir Sligeach agus Ros Comáin agus trí cinn idir Gaillimh agus Liatroim - cuireadh moill mhór ar an gcraobhchomórtas ansin agus b'éigean do Chomhairle Chonnacht foireann a roghnú le dul i gcoinne Loch Garman i gcluiche Leathcheannais na hÉireann ar 23 Lúnasa 1925. Ó tharla gur bhuaigh Maigh Eo craobh an chúige i 1924 ainmníodh iad le seasamh do chlú an larthair. Chruthaigh siad go maith agus tar éis dianchoimheascair fuair siad an lámh in uachtar ar na Carmanaigh le cúl (2-4 v. 1-4).

Ach bhí orthu anois bualadh le Gaillimh agus cinneadh ar Thuaim Dhá Ghualainn mar láthair an chomhraic agus Stiofán Mac Stiúrtáin i mbun na feadóige. (De bhrí go raibh siopa bróg ag an Siúrtánach i gCathair naGaillimhe bhí aithne mhór ag muintir Chonarnara air mar ba uaidh a cheannaídís bróga láidre leathair leis an earrach a chur. Bróga Jurdan a thugtaí orthu nó fiú Jurdan féin! Ba mhinic nuair a chuirtí fearg ar fhear sa taobh seo tíre an tráth sin go ndeireadh sé: "Tabharfaidh mise an jurdan duit mura stopfaidh tú.")

Bhí go leor ag brath ar thoradh an chluiche seo idir Gaillimh is Maigh Eo mar ní hé amháin go raibh Craobh Chonnacht ag dul don lucht buaite ach bhí Craobh na hÉireann chomh maith. Ba é críoch an scéil gur chuir na Gaillimhigh an cath ar a gcomharsana (1-5 v. 1-3) agus gur rug leo an dá chraobh an lá stairiúil sin, 18 Deireadh Fómhair 1925.

Mar sin bhí sé le maíomh ag Lionard Mac Craith gurbh é an t-aon imreoir é a bhuaigh an chéad Chraobh Peile agus an chéad Chraobh lománaíochta do Ghaillimh. Gaisce ann féin ba ea é sin. Ba mhaith a thuill Gaillimh an bua i 1925 óir nuair a chuir Ard-Chomhairle Ch. L.G. comórtas ar leith ar bun ina dhiaidh sin do bhuaiteóirí chraobhacha na gcúigí nocht an fhírinne í féin.

Sheas na Gaillimhigh an fód gan staonadh agus chruthaigh siad don saol Fódlach lena mbua go raibh mianach na ngaiscíoch iontu. Sa chluiche leathcheannais in éadan Loch Garman bhí an lá le fir an Iarthair (3-4 v. 1-1) agus sa bhabhta ceannais in aghaidh an Chábháin bhuaigh siad arís (3-2 v. 1-2). (Bhí an-choimhlint sa chluiche seo idir 'Knacker' Breathnach as Gaillimh agus Séamas Mac Gabhann ón gCabhán.) Ní miste a lua gur dhiúltaigh Ciarraí páirt a ghlacadh sa chomórtas seo.

https://www.cartlann.ie/files/original/c0dd4490028ccfa6abf9f91278439fc3.jpg

Lionaird Mac Craith agus Corn Mhic Chárthaigh i 1923 - an chéad uair a tháinig an corn thar Sionainn go Gaillimh.

Sna seascaidí d’fhuadaigh an bás uainn Lionard Mac Craith in Gránard i gCo. an Longfoirt mar a raibh sé ag múineadh scoile. Ach tig linn a bheith cinnte dhe go bhfuil sé ar Neamh i gcuideachta na seanlaochra geanúla eile a tharraing gnaoi na ndaoine orthu féin, ar a gcontaetha is ar Chumann Lúthchleas Gael.

Bhí aithne mhaith agam féin ar Lionard Mac Craith óir bhí sé ina chathaoirleach ar Chraobh an Longfoirt de Chumann Múinteoirí Éireann nuair a chuaigh mé mar mhúinteoir óg go dtí an taobh sin tíre i dtosach agus fear ní ba dheise ní bhfaighfeá sa tír. Ach goilleann sé orm fós nach raibh 'fhios agam go ndeachaigh sé i gcré na cille gurbh é seo an scoth imreora a rinne éachtaí ar chlár na himeartha do mo chondae dúchais.

https://www.cartlann.ie/files/original/ba359218c5c2c67def662a3cac238670.jpg

"Cavan's Objection"

Ní bheadh aon chur síos ar chúrsaí peile na bliana 1925 cruinn baileach gan tagairt do eachtraí a bhain le cluiche Leathcheannais na hÉireann idir an Cabhán agus Ciarraí i dTrá Lí ar an Domhnach, 23 Lúnasa.

Chuir na hUltaigh – idir imreoirí agus lucht leanúna an t-aistear fada anróiteach siar ó dheas díobh ón gCabhán ar thraein 6.30 ar maidin Dé hAoine. Nuair a bhain siad ceann scríbe amach fearadh na múrtha fáilte rompu agus thionlaic buíoncheoil an slua mór chun an óstáin, áit ar mhol cathaoirleach Bhord Peile Chiarraí muintir an Tuaiscirt go hard.

Ba léir do na hUltaigh nárbh aon dóithín foireann chumasach an Deiscirt a shárú ar a bhfód dúchais féin. Ach ina ainneoin sin níor loic siad. Chuaigh siad i mbun gnímh le brí agus le fuinneamh agus bhí an t-ádh dearg ar Chiarraí sa deireadh gur thug siad na haenna slán leo le cúilín amháin (1-7 v. 2-3).

Ag feidhmiú mar mhaor cúil an lá úd bhi íDiciní Mac Gearailt, peileadóir den scoth a thionscain stíl nua imeartha a chuaigh chun tairbhe go mór do na Ciarraígh. Ní róshástaa bhí muintir an Chabháin le íDicíní óir chuir siad ina leith gur cheadaigh sé cúilin do na Muimhnigh biodh go ndeachaigh an t-urchar ar fóraoil.

Tar éis an chluiche bhí loinne áthais ar na Ciarraígh mar bhí siad dóchasach go mbuafaidís Craobh Peile eile agus maidir leis an hUltaigh ba mhór an tógáil croí dhóibh an taispeántas anamúil stuama a thug siad in aghaidh churaidh na hÉireann. Mar sin féin nuair a d’fhill siad abhaile ní shásódh tada Bord an Chontae ach agóid a dhéanamh i gcoinne Chiarraí mar dar leo go raibh imreoir aindleathach acu ar an bhfoireann. Ach níorbh leis an Ciarraígh ab fhaillí é. Fuair siadsan amach gurbh é an dála céanna ag na hUltaigh é, óir d’imir siad fear aindleathach chomh maith agus chuir siadsan frithagóid isteach. Ba í críoch an scéil gur caitheadh amach an dá thaobh as Craobhchomórtas na bliana sin.

Bhí muintir an Chabháin ina gceap magaidh i gceart de bharr na tuaiplise seo agus ó thaobh na gCiarraíoch de bhí siad ag dul le báiní agus ar feadh blianta ina dhialdh bhí nimh sa bhfeoil acu do na hUltaigh i ngeall ar an mbeart seo.

lna chónai ar Sráid na Carraige i dTrá Li ag an am bhí Ciarraíoch fíordhílis ar chuir agóid an Chabháin arraing trína chroí. Fear ab ea é siúd a bhí an-tugtha do rásaí brocairí (terriers) - spórt a raibh an-tóir air i gCiarraí an tráth úd - agus céard a bhaist sé ar bhrocaire scafánta dá chuid ach "Cavan's Objection". Gach am a mbuadh an sármhadra seo, agus ba minic a rinne sé amhlaidh, thugadh a ainm chun cuimhne don slua an éagóir a rinne an Cabhán. Maireann iarsma an drochbhirt, a deirtear.

Lionard Mac Craith: Imreoir Ildánach na Gaillimhe