An Béaloideas agus an Pobal

Pádraig Ó hÉalaí

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1991. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá Gaeltacht na Gaillimhe ar cheann de na ceantair is tréine inar bailíodh béaloideas, rud a thugann le fios go raibh saibhreas thar an ngnáth ag baint leis an oidhreacht thraidisiúnta sa taobh seo tíre. Le céad bliain anois sa cheantar, tá spéis gníomhach á chur san ábhar agus taifeadadh á dhéanamh air. I nóchaidí na haoise seo caite rinne beirt eachtrannach a gcion féin den obair seo, mar atá, Jeremiah Curtin Meiriceánach, a thóg scéalta i gCill Chiaráin go háirithe, agus Holger Pedersen a bhailigh seanchas in lnis Mór, Árainn. Ní eachtrannaigh amháin, a bhí gafa leis an obair seo, áfach, agus táimid faoi chomaoin mhór ag daoine mar John Millington Synge, William Larminie, James Berry, Peadar Ó Direáin, Seán Mhac Giollarnáth, Séamus Mac an lomaire, Peadar Neilí Ó Domhnaill agus Seán Ó Conghaola as an léiriú cumasach ar ghnéithe éagsúla den saol traidisiúnta atá curtha ar fáil acu dúinn ina gcuid scribhinní.

https://www.cartlann.ie/files/original/153c1e90391bd21239fdb231591785b3.jpg

An Patrún i gConamara.

Is faoi choimirce choimisiún béaloideas Éireann (1935-71), áfach, a bailíodh an fómhar is bláfaire agus is fairsinge de bhéaloideas an cheantair. Tá buanchaomhnú déanta air sin anois sna mílte agus mílte leathanach a bhreac bailitheoirí an choimisiúin síos, daoine mar Prionsias de Búrca, Séamus Ennis, Liam Mac Coisdeala, Colm Mac Gill Eathain, An Mgr Eric Mac Fhinn, Máirtín Ó Cadhain agus Seán Ó Flannagáin, gan ach an beagán acu a áireamh. Sna blianta 1937-8 bhí scéim bailiúcháin ar siúl i mbunscoileanna an Stáit agus bhí scoileanna sa cheantar seo páirteach go gníomhach ann. Tá an cnuasach seo ar fad ar coimeád anois i Roinn Bhéaloideas Éireann, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus b'fhéidir nár mhiste a lua go mbíonn an Roinn sin (i mBelfield) ar oscailt don phobal ó Luan go hAoine (2.30-5.30pm) agus fáilte faoi leith ann roimh ghaolta agus lucht aitheantais na seanchaithe ar tógadh an t-ábhar uathu. Níos giorra de bhaile, tá cóip mionscannáin de chuid mhór den ábhar i leabharlann Choláiste na hOllscoile, Gaillimhe agus tá cóip mionscannáin den bhailiúchán a rinneadh i scoileanna an cheantair, i leabharlann an chontae ar an Oileán Ealbanach.

Tuiscint réasúnta sásúil ar cad atá i gceist le béaloideas is ea gurbh é atá ann ná an chuid thraidisiúnta de chultúr an duine, idir fhocail thraidisiúnta (e.g. scéalta, seanfhocail, páidreacha, mallachtaí, tomhaiseanna, srl), smaointe traidisiúnta (e.g. gur rud mí-ámharach é scáthán a bhriseadh, nó bean rua a chasadh ar iascaire; nó gur tuar báis é giorria a theacht i gcóngar an tí, nó éan a bhualadh i gcoinne na fuinneoige srl) agus ghníomhartha traidisiúnta (e.g. turas an tobair a thabhairt, cros Bhríde a dhéanamh, an drúcht a shiúl maidin lá Bealtaine, an madra a chur amach le linn tintrí srl.) Baineann leis an mbéaloideas dá réir sin, an chuid sin de mheon agus de ghníomhaíocht an duine a thagann anuas chuige óna shinsir roimhe. Anois, toisc gur rud é an béaloideas a chuirtear ó ghlúin go chéile agus go ndéantar é seo geall leis i gcónaí gan aon chúnamh (ach go minic a mhalairt) ó aon chóras eagraithe oideachais nó creidimh, caithfidh go mbaineann fiúntas éigin leis a fhágann gur fiú le daoine é a choimeád beo. Is bunfhírinne í ag béaloideasóirí gur rud feidhmiúil é an béaloideas, is é sin le rá, go bhfreastalaíonn sé ar riachtanas éigin de chuid an phobail a chaomhnaíonn é, go gcuireann sé lena saol i slí éigin agus gur mar gheall air sin a choimeádtar beo é. Is furasta a thuiscint gur mar sin atá má smaoinimíd ná caomhnaítear aon ghné den bhéaloideas nuair a tharlaíonn nach bhfuil feasta, aon ní le tairiscint aige. Mar shampla, má thuigtear do phobal nach bhfuil sna seanscéalta a tháinig anuas chucu ach ráiméis, nó gur easpa eolais nó oideachais faoi deara nós nó tuiscint thraidisiúnta éigin, ní gnách go gcuirtear ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile na míreanna sin den bhéaloideas.

Ba mhaith liom anois iarracht a dhéanamh gné amháin den tairbhe a bhaineann leis an mbéaloideas a shoiléiriú, mar atá an faoiseamh, an fhuascailt nó an scaoileadh teannais a sholáthraigh sé do dhaoine i gcásanna áirithe. Bíonn gá ag gach pobal le caitheamh aimsire, le fuascailt ó "thuirse an ghnáthaimh" agus níl aon cheist ná gur sholáthraigh an béaloideas ócáidí spraoi agus spóirt dár sinsear. Is léir, mar shampla, ón saibhreas scéalaíochta a bhí sa cheantar seo gur chuid mhór agus gur chuid sheasmhach de chaitheamh aimsire an phobail í an scéalaíocht agus an chuartaíocht a chothaigh sé. Ba mhór an t-éileamh a bhíodh ar na scéalta agus ba mhór an sásamh a bhaineadh daoine as éisteacht leo. Bhain fuascailt agus éalúchas leis an scéalaíocht sa mhéid gur thug sé caoi do dhaoine na teorainneacha a bhaineann leis an staid dhaonna a shárú, mar sna scéalta sáraítear na lochtanna agus na heasnaimh a bhaineann leis an saol mar is eol dúinne é. Léiríodh sna seanscéalta saol go raibh ord agus eagar ar gach aon ní ann, go raibh brí le gach caidreamh a bhíodh ag daoine le chéile agus bhí gach eachtra dírithe ar sprioc an scéil, is é sin, go n-éireodh leis an laoch ina ghnó, go dtiocfadh sé ar an dán ba dhual dó. Sna seanscéalta úd ba ghnách an mhaith á chúiteamh le daoine agus an drochghníomhartha á n-agairt orthu gheobhadh an fear beag an lámh uachtair ar an bhfear mór, an fear bocht ar an bhfear saibhir, an t-íochtarán ar an uachtarán; d'éiríodh le mac na baintrí iníon an rí a phósadh agus leath na ríochta mar spré léi agus d'éiríodh leis an gcailín bocht go raibh gach aon duine ag tromaíocht uirthi mac an rí a phósadh; bhí Fianna Éireann ró-mhaith d'aon ghaiscíoch allúrach agus ní raibh aon impí a dhéanfaí orthu ná aon dúshlán a thabharfaí dóibh ró-dheacair dóibh. Cuireadh os comhair na ndaoine iontu nithe mar an óige shíoraí, an íocshláinte dhraíochta agus sparán na scillinge. Tráchtadh ina thuilleadh acu ar theagmháil leis an slua sí, leis na mairbh agus le neachanna neamhshaolta eile. Dhírigh siad an tsamhlaíocht ar an osnádúr agus thug cuid acu scóp d'fhantasaíocht ghnéasach (e.g. scéalta faoin leannán sí agus an mhaighdean mhara). Más ag trácht ar theagmháil phearsanta le neachanna neamhshaolta a bhí an scéalaí, ba gheall le méadú ar a ghradam insint an scéil

Scéalaíocht

Is ea, bhí an scéalaíocht lom lán do nithe a thagair d'easnaimh agus d'fhadhbanna bunúsacha an duine - easláinte, an tseanaois, bochtanas, deacrachtaí a bhaineann le céile a aimsiú, fiosracht faoin saol eile srl. agus sáraíodh go héifeachtach iad seo ar fad sna scéalta agus bhain faoiseamh éigin leis sin don lucht éisteachta. Ní hé atá á rá agam gur chreid daoine sna nithe seo a bhí sna scéalta ach is cinnte gur bhreá leo cluais a thabhairt dóibh, mar gur shantaigh an duine riamh an sórt sóláis a leanann léiriú ar shaol ina mbíonn réiteach ar gach fadhb, sásamh ar gach mian agus gach aon ní ina cheart. Sin é tarraingt Thír na nÓg, an Ré Órga agus an Mhillennium. Is cuid sheasmhach de nádúr an duine é tóir a bheith aige ar mhianchomhlíonadh agus níl aon amhras ná gur fhreastail scéalta an bhéaloidis ar an éileamh sin i gcás phobal na dúiche seo tráth.

Seachas na gnéithe sin den bhéaloideas gur ar mhaithe le caitheamh aimsire agus le spraoi a bhíodar ann go príomha, (ceol, damhsa, cluichí srl.) bhain fuascailt le gnéithe eile den bhéaloideas chomh maith. Bhí sé mar fheidhm ag cuid de fuascailt a sholáthar ón dteannas a bhain le réimsí éagsúla de shaol an duine. Caithfear bheith i dtaobh le cúpla cás anseo. Lean riamh, mar shampla, teannas áirithe iompar clainne agus bhí nósanna agus tuiscint traidisiúnta ann gurbh í feidhm dóibh, nó go raibh sé de thoradh orthu, maolú ar an teannas sin toisc gur leagadar síos cad é go díreach a bhí le déanamh ag bean ina leithéid de chás, ionas go seachnódh sí an tubaist agus go rithfeadh a cúrsa go réidh socair léi. D'fhéach an béaloideas mar shampla, le treoir a thabhairt i gcás dhá iomard ar leith, mar atá, bearna mhíl agus cam reilige. Bhí an tuiscint ann go mbeadh baol bearna mhíl ar an leanbh dá bhfeicfeadh an mháthair giorria le linn í bheith á iompar. Tuigeadh dá réir sin gur cheart do bhean thorrach fanacht glan ar ghiorraithe – níor cheart fiú trácht ar ghiorria ina láthair- agus sa chás go bhfeicfeadh sí ceann gur cheart di ball éadaigh dá cuid a stracadh agus sa tslí sin go gcuirfí an baol ón leanbh. Ceapadh go mbeadh baol cam reilige ar leanbh dá mbainfí tuisle i reilig as a mháthair le linn di bheith á iompar agus tuigeadh dá réir sin gur cheart do bhean thorrach fanacht glan ar an reilig ionas go seachnófaí an tubaist sin. Bheadh sé de shásamh ag bean a chloífeadh leis na treoracha seo go raibh a dícheall á dhéanamh aici dá leanbh agus fiú sa chás go mbeadh ceachtar den dá iomard sin air nuair a shaolófaí é, bheadh míniú aici láithreach air agus bhainfeadh faoiseamh áirithe leis an tuiscint nárbh uirthi féin milleán maidir leis. Ar an taobh eile, tuigeadh gur chúnamh don bhean thorrach é dul isteach i gceárta agus is cosúil go mbíodh a leithéidí ag iarraidh leithscéil chun dul ann agus go mórmór gur chúnamh di uisce na ceárta a ól nó na boilg a shéideadh. Measadh (agus tá an tuiscint beo fós) gur chúnamh i saolú linbh é ball éadaigh lena fear céile bheith á chaitheamh ag an mbean agus fáinní a bhaint dá méir agus aon snaidhm a bheadh ina gruaig nó ina cuid éadaigh a scaoileadh. Chinnteodh na rudaí sin nach mbeadh aon deacracht aici an leanbh a thabhairt slán ar an saol agus bhí faoiseamh dá réir á thairiscint acu dóibh siúd a ghéill dóibh.

Gné eile de shaol an duine go leanann suaitheadh agus trí chéile é is ea an bás. Sa chás seo leis tháinig an béaloideas i gcabhair ar dhaoine mar thug sé le fios dóibh go cruinn cad a bhí le déanamh acu ar ócáid báis. Dá measfaí, mar shampla, go raibh an bás á shaothrú ró-chrua ag an othar, dhéanfaí é thógáil den tocht sa leaba agus é a chur ina luí ar an urlár – chun go mb'fhusa don anam síothlú as. Ar an gcúis chéanna ní thiocfaí idir é agus an doras agus d'osclaítí doras nó fuinneog an tseomra ina mbíodh an t-othar ag fáil bháis. Tar éis an bháis ansin stopfaí an clog, chlúdófaí an scathán, chóireofaí an corp agus rachfaí ar aghaidh leis an tórramh agus leis an adhlacadh de réir na ngásanna fadbhunaithe. Ba fhaoiseamh do dhaoine é na deasghnátha seo a chomhlíonadh ar ócáid báis mar bhí beannacht an traidisiúin ar na rudaí sin go léir agus d'fhéadfadh an té a lean iad a bheith cinnte de go raibh gach aon ní á dhéanamh aige mar ba chóir ag an am criticiúil seo. Ba fhuascailt chomh maith do dhaoine muinteartha an mhairbh go mbeadh caoi acu féin a gcion a dhéanamh ionas go mbeadh suaimhneas sa tsíoraíocht ag an té a bhain leo. Thug paidreacha agus deabhóidí an chaoi sin dóibh ar ndóigh, ach bhí nósanna eile leis ann chuige sin, e.g. éadach an mhairbh a thabhairt do dhuine éigin le caitheamh tar éis iad a thabhairt trí Dhomhnach go dtí an aifreann nó nithe áirithe a chur sa chónra leis an marbh.

Faoiseamh sa mBéaloideas

Uaireanta thug an béaloideas fuascailt i slí eile ar an dteannas a bhain leis an mbás mar gur sholáthraigh sé míniú ar cad ina thaobh gur tharla sé. Bhí sé seo i gceist go háirithe le bás anabaí mar ba mhinic á lua é gurb iad an slua sí faoi deara bás dá leithéid sin – an leanbh óg a gheobhadh bás go hobann nó an mháthair a chaillfí ar leanbh. Tá léiriú eile ar an bhfaoiseamh a bhí le fáil ón mbéaloideas i gcás tuismitheoirí go raibh leanbh éalaingeach nó míshláintiúil acu. Is léir ó fhianaise an bhéaloidis gur creideadh go bhfuadaíodh an slua sí leanaí sláintiúla agus go bhfágfaidís iarlaisí aimlithe ina n-áit. Rithfeadh sé láithreach le duine gur mhór an t-ábhar imní do thuismitheoirí an tuiscint go raibh bagairt den sórt seo ar a gclann agus gur tionchar an-diúltach a bheadh ag an traidisiún sin ar shaol an phobail. Is cinnte gur chothaigh sé teannas, ach is cinnte leis gur léiriú ar theannas a bhí ann cheana féin a bhí sa traidisiún seo, mar atá, imní thuismitheoirí faoi shláinte a gclainne. Is as an imní sin a d'eascair an traidisiún ach féach go raibh taobh deimhnitheach leis chomh maith. Ba chúnamh do theaghlach an linbh bhreoite é an traidisiún seo, mar sa chéad dul síos, sholáthraigh sé míniú go bhféadfaidís féin agus na comharsana glacadh leis, ar an mbreoiteacht a bhí ar an leanbh, agus ina theannta sin chuir sé ar chumas an teaghlaigh éalú ón náire a leanfadh leanbh leo bheith éalaingeach. Bhí a leanbh féin sláintiúil agus ní orthu siúd a bhí aon locht gur fágadh leanbh breoite ina áit. Ní hé amháin gur choinnigh an traidisiún seo slán iad ó aon asachán a chasadh leo i dtaobh an linbh, ach ar an leibhéal pearsanta ba chosaint é ar aon mhilleán a bheith acu orthu féin i dtaobh a easláinte agus bheadh tábhacht mhór leis seo dá suaimhneas aigne féin. Bhí a lán réimsí eile de shaol an duine gur thug an béaloideas treoir maidir leo mar lean seantuiscintí agus nósanna na hócáidí criticiúla go léir, e.g. pósadh, iascaireacht, curadóireacht, tógáil tí srl. "Pisreoga" a thugtar go drochmheastúil orthu seo ach is mór den seansaol a théann amú orainn mura dtuigimid go raibh sé d'fheidhm ag na pisreoga seo maolú ar an dteannas a bhain leis na hócáidí sin. Bhí fuascailt i gceist leo mar gur thugadar treoir maidir leis an sórt iompair go mbeadh sé de thoradh air an mí-ádh a choimeád ó dhuine agus an t-ádh a tharraingt air.

https://www.cartlann.ie/files/original/9199239e00f2b170cc905e948261c2b8.jpg

An Chistin, An Cheathrú Rua, sa tseanam.

An Béaloideas agus an Pobal