Seanscoil Shailearna ó 1884
Dublin Core
Title
Seanscoil Shailearna ó 1884
Subject
Stair; Oideachas; An Ghaeltacht; Forbairt Phobail
Description
Ceaptar gur tógadh scoil ar an láthair idir 1860 agus 1870. Scoil an-bheag a bhí inti - dhá sheomra inti ina raibh buachaillí agus cailíní le chéile agus Béarla an teanga a bhí i réim sa scoil. Bhí paróiste an Chnoic i nDeoise Thuama agus bhí an tArdeaspag Mac Éil glan in aghaidh chóras bunoideachais Shasana. Nuair a fuair sé bás i 1881 cheadaigh a chomharba, An tArdeaspag McEvilly scoileanna náisiúnta i nDeoise Thuama agus tosnaíodh ar scoil a thógáil i bparóiste an Chnoic i 1884. Thóg sé ceithre bliana an obair a chríochnú. Ceithre sheomra a bhí sa scoil nua, péire le haghaidh na mbuachaillí ar an taobh thiar agus péire ar an taobh thoir le haghaidh na gcailíní.
Creator
Róisín Ní Thuairisg
Source
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Date
1998
Rights
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
PL1998A09
Spatial Coverage
Geolocation
Bailiúchán
Tagairt
Róisín Ní Thuairisg, “Seanscoil Shailearna ó 1884,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, https://archive.spunout.ie/items/show/378.