Aighneas Iascaireachta 1935
Dublin Core
Title
Aighneas Iascaireachta 1935
Description
I lár shamhradh na bliana 1935 thug tuairim is cúig fhear fhichead de chuid mhuintir na háite – an Tulaigh, Baile na hAbhann, an Chloch Mhór – aghaidh ar Loch na Creibhinne, nó Loch Bhaile na hAbhann, agus chuaigh siad ag iascach sa loch, a bhformhór ón mbruach, ach chuaigh triúr nó ceathrar amach i mbád. Iascach mar dhea a bhí ar siúl ag an gcuid is mó acu – d’admhaigh duine den lucht eagraithe, Séamus Ó Conghaile as Baile na hAbhann (Séamus Phat Shéamuis), ina dhiaidh sin gur slat sailí agus píosa twine ceangailte de a bhí aige féin. Tamall ina dhiaidh sin tháinig an té a mba leis cearta iascaireachta na locha, Michael Wallace, ar an láthair, le beirt ghardaí, agus tógadh ainmneacha.
Creator
Lochlainn Ó Tuairisg
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2019
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2019A28
Spatial Coverage
Stair, Iascaireacht
Tagairt
Lochlainn Ó Tuairisg, “Aighneas Iascaireachta 1935,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, https://archive.spunout.ie/items/show/2461.