Seansiopaí a bhíodh idir an Spidéal agus Ros an Mhíl
Dublin Core
Title
Seansiopaí a bhíodh idir an Spidéal agus Ros an Mhíl
Subject
Stair, Gnó
Description
Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. “A nation of shopkeepers’ a thug Napoleon ar an mBreatain. Dúirt daoine gur le drochmheas a dúirt sé é sin, ach dúirt sé féin gurbh iad na siopaí beaga a chuir an Bhreatain chun cinn i saol na tráchtála. D’fhéadfaí an rud céanna a thabhairt ar an tír seo san am a caitheadh. Sa bpíosa seo tá cur síos ar na siopaí a bhí ann idir an Spidéal agus Ros an Mhíl ach nach bhfuil ann níos mó. Bhí siopa nó dhó i chuile bhaile fearainn. Bhí siad ann mar ní raibh carranna ann agus chaithfeadh duine siúl. Bhí go leor daoine i chuile theach agus bhí go leor earraí ag teastáil. Bhí go leor curadóireachta ar siúl. Dhíol na siopaí ar fad mórán na rudaí céanna, tae, siúcra, tobac, snaoisín, milseáin, subh, ola mhór, (pairifín), earraí a theastaigh i chuile theach ach bhí cuid acu a dhíol málaí móra plúir, bran, iasc saillte i mbairillí, suimint, láí, speal, sleán, etc. Bhí siopa i gcuid de na tithe ósta.
Creator
Ruaidhrí Ó Tuairisg
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2018
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2018A03
Tagairt
Ruaidhrí Ó Tuairisg, “Seansiopaí a bhíodh idir an Spidéal agus Ros an Mhíl,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, https://archive.spunout.ie/items/show/2386.