Cumann Béaloidis Chonamara
Dublin Core
Title
Cumann Béaloidis Chonamara
Subject
Béaloideas
Description
Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sa bhliain 1987 shocraigh an Cumann le Béaloideas Éireann tionól bliantúil a eagrú lasmuigh de Bhaile Átha Cliath mar chuid dá n-imeachtaí feasta agus tugadh an chéad tionól díobh sin le chéile ar an gCeathrú Rua, 24-6 Aibreán, an bhliain sin. Cuireadh foireann bhreá cainteoirí ar fáil agus ócáid spreagúil thaitneamhach a bhí inti inar deineadh cíoradh ar scéalaíocht, ceol, seanchas agus damhsa an cheantair. Ba le linn an tionóil sin, nuair a theip ar an Ollamh Caoimhín Ó Nualláin a nótaí féin a léamh agus é ag tabhairt léachta, a chaith sé an chaint atá athráite go minic ó shin: ‘Mo leithscéal,’ ar seisean, ‘nach féidir liom mo scríbhneoireacht féin a léamh, ach ar a laghad táim sásta an dearbhú sin a bheith agam nach púca mé.’
Creator
Pádraig Ó Héalaí
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2017
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2017A07
Tagairt
Pádraig Ó Héalaí, “Cumann Béaloidis Chonamara,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, https://archive.spunout.ie/items/show/2365.