Seaimpíní Sean-nóis
Dublin Core
Title
Seaimpíní Sean-nóis
Subject
Amhránaíocht
Description
Alt ó 'Biseach 2010', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sa bpictiúr seo tá cairde agus muintir Órla Ní Fhinneadha as an gCloich Mhór. Bhuaigh Órla craobh na hÉireann Faoi-18 sa gCabhán ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Seo é an tríú bliain aici craobh na hÉireann a bhuachaint. Tá go leor comórtais eile buaite aice le blianta anuas – Corn Cuimhneacháin Phatsy Ó Ceannabháin na bliana seo ina measc. Chas Órla amhrán d’Uachtarán na hÉireann ar an gCeathrú Rua cúpla bliain ó shin agus chas sí ar an gClochán don Taoiseach le gairid. Tá Órla ag freastal ar ranganna sean-nóis le Máire Phetair Uí Dhroighneáin ó bhí sí ar an mbunscoil agus tá sí fós ag freastal orthu. Ní féidir an iomarca moladh a thabhairt do Mháire Phetair. Ní hé amháin gurb í Máire an t-amhránaí sean-nós is fearr sa tír ach ’sí an múinteoir is fearr freisin í agus níl deireadh ar bith lena foighid.
Creator
Coiste Eagarthóireachta Biseach
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2010
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2010A09
Tagairt
Coiste Eagarthóireachta Biseach, “Seaimpíní Sean-nóis,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, https://archive.spunout.ie/items/show/2277.