Scéim Shóisialta na Tuaithe

Dublin Core

Title

Scéim Shóisialta na Tuaithe

Subject

Forbairt Phobail

Description

Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iad na feirmeoirí cnámh droma na Gaeilge agus na Gaeltachta ó thús ama. Sheas siad an fód i gcoinne gach cineál brú – ó ionsaithe ag eachtrannaigh, an Gorta Mór suas go dtí díchúpláil an lae inniu. Tá caomhnú teanga, cultúir agus timpeallachta ar siúl acu sa tír seo ó chuir na chéad lonnaitheoirí fúthu i dtuaisceart na hÉireann 10,000 bliain ó shin. Is í an cheird is sine ar domhan í. Tá saibhreas teanga agus scileanna ag feirmeoirí nach bhfuil ag aon aicme eile sa bpobal. Táim lánchinnte gur ag eascairt as na tréithe sin a thug an tAire Ó Cuív aitheantas dóibh le bunú Scéim Shóisialta na Tuaithe an 17 Bealtaine. Cuirfidh an Scéim obair phobalbhunaithe ar fáil, ar bhonn páirtaimseartha, do 2,500 feirmeoir/iascaire (nó dá gcéilí) nach bhfuil in ann slí bheatha inmharthana a bhaint amach dóibh féin ón bhfeirmeoireacht ná ón iascaireacht go lánaimseartha. Tá 250 áit ar fáil i gContae na Gaillimhe agus tá ochtú acu sin sa nGaeltacht. Tá 24 ar an scéim atá á reachtáil ag Comharchumann Sailearna.

Creator

Coiste Eagarthóireachta Biseach

Source

Bailiúchán Biseach

Date

2004

Rights

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Language

ga

Type

Téacs

Identifier

BI2004A19

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/d68404243b46c8dba2ee92c8babd659d.pdf

Clibeanna

Tagairt

Coiste Eagarthóireachta Biseach, “Scéim Shóisialta na Tuaithe,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, https://archive.spunout.ie/items/show/2130.