Socos Teo
Dublin Core
Title
Socos Teo
Subject
Gnó
Description
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is de bharr brú a chuir custaiméirí agus cairde orm dul i mbun gnó dom féin a shocraigh mé comhlacht stáiseanóireachta a bhunú i gCois Fharraige. Bhí go leor oibre le déanamh maidir le féidearthachtaí, ionad a aimsiú, maoiniú a shocrú agus roinnt mhaith rudaí eile sul má bhí ar ár gcu as an comhlacht a bhunú. Ní raibh aon ionad ar fáil ó Údarás na Gaeltachta go fóill agus idir an dá linn fuair mé Stór na dTrátaí ar cíos ó Phól Ó Foighil agus Coláiste Dara. Faoi dheireadh bhí mé réidh le tosú agus i lár Mheán Fómhair na bliana 1 994 chuaigh Socos Teo. i mbun gnó i mBaile an Tigh Mhóir. Beirt a bhí fostaithe ag an gcomhlacht an chéad lá agus, buíochas le Dia, mhéadaigh sé seo de réir a chéile. I rith an ama seo bhí Údarás na Gaeltachta ag réiteach ionaid dúinn i gCaol Rua agus ar an lá deiridh d' Aibreán 1 995 d'aistrigh muid isteach san ionad seo. De réir mar a bhí muid ag forbairt bhí breis spáis uainn agus dhá bhliain ó shin d'aistrigh muid isteach san ionad nua atá againn anois.
Creator
Pádraig Ó Conceanainn
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2001
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2001A24
Spatial Coverage
An Cnoc
Tagairt
Pádraig Ó Conceanainn, “Socos Teo,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, https://archive.spunout.ie/items/show/2073.