Bhí dearcthaí éagsúla acu siúd a cuireadh faoi agallamh ar an Raidió faoin gcineál stát a bunaíodh tar éis an Chogaidh Chathartha. Bhí Sighle Humphreys, a raibh cónaí uirthi ar Bhóthar Ailesbury, i mBaile Átha Cliath, sásta go raibh saoirse ón mBreatain bainte amach, ach ghoill sé uirthi nách ndearnadh mórán faoin mhíchothromaíocht idir na bochtáin agus iad siúd le maoin. Is tír shóisialach a bhí uaithi agus cheap sí go dtiocfadh 'saoirse Uí Chonghaile', mar a thugann sí air, ón saoirse pholaitiúil a baineadh amach. Bhí sí cáinteach, freisin, faoin gcóras oideachais sa tír nua-bhunaithe agus faoi na buntáistí a bhí ag daoine saibhre sa chóras. Chuir sé as di gur maraíodh an oiread daoine cumasacha sa Chogadh Cathartha. Bhí an-mheas aici ar Mhícheál Ó Coileáin, cé gur mhothaigh sí gur lig sé síos an tír tar éis Chogadh na Saoirse. Bhí meas aici ar de Valera tráth freisin, ach chas sí ina aghaidh níos déanaí nuair a chuir sé poblachtánaigh sa phríosún.
D'fhág na mílte poblachtánach an tír tar éis an Chogaidh Chathartha. Chuaigh Colm Ó Gaora, as Ros Muc, Co. na Gaillimhe go Meiriceá, agus d'fhill ar Éirinn arís tar éis Chliseadh Wall Street. D'fhill roinnt poblachtánach eile, cosúil le Peig Uí Riagáin, as Baile na nGall, Co. Phort Láirge, nuair a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht sna 1930í.
Bhí a gcuid deacrachtaí féin acu siúd a d'fhan sa bhaile. Labhair Peadar Ó Máille, as Indreabhán, Co. na Gaillimhe, faoin deacracht a bhí aige, mar phoblachtánach, i gcúrsaí fostaíochta tar éis an Chogaidh Chathartha. Thug sé aghaidh ar Uíbh Fhailí le post nua a thosú ach b'éigean dó filleadh ar an mbaile arís nuair nach raibh sé sásta móid dílseachta a ghlacadh don Saorstát.
Bhí rudaí dian orthu siúd a d'fhulaing agus a chaill gaolta sa Chogadh Cathartha freisin. Cé nár labhair mórán le Neans Uí Shúilleabháin, ón nGleann i gCiarraí Theas ó dhúchas faoi mharú a hathar sa Chogadh Cathartha, ba mhinic le daoine í a chur in aithne trí 'This is Pat Lynch's daughter' a rá. Thosaigh sí ag cur suim i mbás a hathar nuair a bhí sí ina déagóir. 'Bhíos-sa an-mhór lena chlann' a dúirt Uí Shúilleabháin agus í ag caint faoi shliocht an fhir a chaith a hathair, agus faoin bhfear a chaith é dúirt sí: 'Dá mbuailfinn leis, labhróinn leis'. Bhí máthair Neans Uí Shúilleabháin i gceannas ar Chumann na mBan sa cheantar, ach ní raibh aon bhaint acu le cúrsaí polaitíochta tar éis a maraíodh Pat.
Ba shuntasach an rud é go raibh go leor de na seanfhondúirí cáinteach ar phobal na tíre mar nach raibh meas cuí á léiriú ar oidhreacht thréimhse na réabhlóide. Bhí Matt Hackett, as Gaillimh, anuas ar mhuintir tíre sna 1980í de bharr nach raibh an meas cuí á thaispeáint acu ar Liam Ó Maoilíosa, agus an dealbh dó atá ar an bhFaiche Mhór i nGaillimh.
Mhothaigh gaolta na seanfhondúirí freisin nach raibh mórán tuisceana ag an bpobal ar na daoine a ghlac páirt sa réabhlóid. D'airigh Máire Nic Suibhne, iníon le Traolach Mac Suibhne a fuair bás ar stailc ocrais i bpríosún in Brixton, Sasana i 1920, nach raibh Mac Suibhne i gcuimhne na ndaoine óga níos mó, ná a chuid éachtaí i mbéal an phobail. Deir sí nach raibh a fhios aice féin mórán faoina hathair go dtí gur fhill sí ón nGearmáin agus í ina déagóir. Tháinig cuairteoir chuici uair amháin ón India agus dúirt sé léi go raibh an-tionchar ag stailc ocrais a hathar ar an India agus ar Mahatma Gandhi.
Sa mhír chéanna, déanann Nollaig Ó Gadhra cur síos ar easpa spéise na meán i scéal Mhic Shuibhne, agus nach raibh siad ag tabhairt aird ar chomóradh 75 bliain ó bhásaigh sé. Mhothaigh Nic Suibhne go raibh ról tábhachtach ag ócáidí comórtha chun na daoine cosúil le Traolach Mac Suibhne a thabhairt chun cuimhne arís.